
Hosted by Concubhar O Liathain · GA

Dá mba rud é go mbeinn ag tosnú amach le ceachtar den dhá cheist seo - an Bhreatimeacht nó na meáin scríofa Ghaeilge - ní bheinn ar shon bheith ag tosnú san áit seo. Tá an phingin - nó an cent - ag titim le Tóraithe go mbeidh deireadh le hAontas amháin má leanann an phlean ar son Breatimeacht crua, agus ní h-é Aontas na hEorpa a bheidh deireadh leis. Maidir leis an gcomhairliúcháin ar na meáin scríofa Gaeilge atá tionscnaithe ag Foras na Gaeilge. Tá moltaí déanta acu a thabharfaidh breis airgid do Thuairisc, a chuirfidh Comhar ar líne agus a dhéanfaidh dímhaoiniú ar Nós. Tá moltaí déanta acu a thacóidh le 'printíseachtaí' agus 'nuachtlitreacha' sna 'Limistéir Pleanála Teanga'. Níl aon ghnó ag Foras na Gaeilge, ar foras tras teorainn é, bheith ag plé le 'nuachtlitreacha' do cheantair Ghaeltachta amháin agus beag is fiú bheith ag caint ar phrintíseachtaí nuair nach mbeidh postanna do phrintísigh ina dhiaidh sin. Tá gá le h-iolrachas sna meáin scríofa Gaeilge. Tá gá le níos mó maoinithe don earnáil. Tá gá go mbeadh ardán níos mó fé choimirce RTÉ nó TG4 ag 'ollsolathróir nuachta'. Mura féidir le seo tarlú, tabhair an t-airgead ar fad - €500,000 in aghaidh na bliana - do chomhnaidhm ina mbeadh leithéidí Tuairisc/Nós/Comhar fé aon bhrat amháin, fé aon bhórd amháin, fé aon ghrúp eagarthóir amháin. Seachas sin is status quo - laghdaithe - atá á mholadh ag Foras na Gaeilge. Ní status quo d'aon tsort atá ag teastáil ach cur chuige iomlán nua agus oscailte.

Ar maidin inniu agus mé á cheistiú ar chlár Breakfast Newstalk, dúirt Barry Kenny, úrlabhraí Iarnród Éireann, go mbeadh réiteach ann gan mhoill, an mhí seo chughainn, mí Iúil, nó Mí Mheán Fómhair ar a mhoille, ar an fhadhb a fhag go mbíodh cacstaí déanta d'ainmneacha Gaeilge le sínte fada ar chomharthaí leictreonacha ar shuíocháin traenach a bheadh curtha in áirithe. Tá Google Translate á léiriú anois mar aistritheoir meaisín nach bhfuil ionchurtha le mór theangacha na hEorpa, Fraincís is Gearmáinis, a aistriú go cruinn. Agus tá tuarascáil 2018 éisithe ag RTÉ ina léiritear go bhfuil laghdú ar an t-airgead atá á roinnt ag RTÉ le TG4 óna sciar de Chiste an Cheadúnais Theilifíse agus méadú beag ar an t-airgead a fhaigheann RnaG (8 cent as gach €160).

Tá mí caite, beagnach, ó bhíos ar na podthonnta go deireannach. Bím ag podchraoladh le Litriocht de ghnath na laethannta seo nó tá post nua faighte agam le Litriocht.com. Ar an eagrán seo táim ag caint faoin páirc éagothrom imeartha atá ann do thrachtaireacht Ghaeilge sa chraoltóireacht atá á dhéanamh ag TG4 agus RTÉ, comharthaíocht dhá theangach uaidh...agus eile....bígí ag éisteacht.

Bhí mé i mo thost ar feadh seal ach táim ar ais! Chomh calannach is eigiallmhar is a bhí mé riamh.... Beagáinín níos eadroime, áfach, ná mar a bhíos le tamall!

San eagrán seo déanaim cur síos ar an gcéad fhaoistin a rinneas le mo chomhairleoir maidir le cailliúint meachan, Liam Mac Con Iomaire a calleadh le déanaí agus tús na gcainteanna ó thuaidh....

Meascán d'abhair inniu ach tús á fhógairt agam lem' fheachtas folláíne nua anseo. Is é mo mheachan ná 22'9" agus táim tosnaithe ar fheachtas 12 sheachtain deag chun sin a thabhairt síos faoi 20 cloch. Clochmhle mór é sin i dtreo a thabharfaidh mé níos faide ó dheas arís! Tuilleadh ábhair sa chlár faoi toghcháin, Jade Pepper agus eile.

Inniu Lá Náisiúnta na Filíochta agus tá cúpla dán á aithris san eagrán seo de iGaeilge. Dánta le Risteárd de HIndeberg, 'Gael Mise', agus Liam Ó Muirthille ( a aistriúchán ar dhán le Rimbaud). Chomh maith tá trácht ann ar theanga mhíchúramach Mhicheál Martin a mhaígh go raibh SF ag déanamh úirlis cogaidh den Ghaeilge. Ní gá aontú le seasamh SF ar an nGaeilge le h-aithint gur caint gan chiall é seo, caint seanachaite a bhionn in úsáid ag phairtithe aondachtacha. Tá gach páirtí an DUP, TUV agus UUP ar son Acht Ghaeilge ó thuaidh. Cuireann sin san áireamh comhghuaillithe nua FF, an SDLP.

Tá sé á thuairisciú ag Tuairisc.ie ar maidin nach mbeidh aon marcanna/pointí bónais ann do dhaltai Ard Teiste a thugann fé ábhar nua Ghaeilge a bheidh dírithe ar aos na Gaeltachta is na nGaelscoileanna nuair a thabharfar isteach an bhliain seo chughainn é. Ar ndóigh tá an iomarca béime ar scruduithe sa leagan amach atá againn ar ár gcóras oideachais. Ar cheart níos mó béime a bheith ar fhoghlaim na Gaeilge, seachas ar mharcanna arda ann? An bhfuil ár gcóras oideachais ag cur ár bpáistí sa treo mícheart? Ceisteanna den chineál seo a bheidh á phlé in eagrán an lae inniu de iGaeilge.

Tar éis an méid a bhí le rá ag an Athair Martin McGill inné ag sochraid an iriseora dúnmharuithe, Lyra McKee, agus é ag diriú a mhéar, de réir cosúlachta ar na polaiteoirí nár sheas le chéile go dtí a h-anbhás, cad a tharlóidh anois? Ceist casta í sin le ríomh agus ceist atá ag spreagadh go leor ceisteanna, cuid acu ciallmhar. Cíoraim an cheist sin agus ceisteanna eile sa chaint seo.....

Bhaineas ana thaithneamh as an Cháisc i mbliana idir searmanaisí, uibheacha cásca agus,go h-áirithe, bheith sa bhaile le mo mhuintir. Bhaineas taithneamh ar leith as Ionramh an Chamino a craoladh ar TG4 oíche Luan Cásca. Ach rud amháin a chur olc orm, an 'máirseáil' a thug Saighdiúirí na Spéaclaí Gréine, baill de 'Saoradh', ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, dhá lá tar éis dhúnmharú an iriseora óg, Lyra McKee. Is iomaí duine ar maraíodh le linn an Chogaidh ó thuaidh ach goileann an marú seo orm agus ar go leor eile de bharr chomh suarach is a bhí sé, bliain is fiche ó Aoine an Chéasta 1998, nuair a síníodh an chomhaontú, gur maraíodh an bean óg seo a bhí lán le laochas agus le tairbhe. Ba mhasla an mórshiúl seo di agus do laochra na Cásca. Conas is féidir linn aontacht na hÉireann a bhaint amach má leanfaimíd leis na geaitsí seo a thugann le fios nach bhfuil aon fáilte roimh an 'eile' sa tír seo, is cuma cén bhrat a bhionn á iompar acu? Ba mhaith liom Éire Aontaithe cinnte ach is foreigean mar seo a thagann idir sinn is an sprioc sin.