
Hosted by Irish Independent · GA
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.

Tá Seachtain ag teacht beo ó Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026! Ar feadh seachtaine tháinig na sluaite go Béal Feirste chun sult a bhaint as an cheol, na comórtais agus as an chathair féin. Den chéad uair riamh, bhí Fleadh Cheoil na hÉireann á reáchtáil i bpríomhchathair an Tuaiscirt agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag céiliúradh 75 bliain ar an fhód. Chuir Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta as an Aird Mhóir i nGaeltacht Chonamara gach duine faoi gheasa lena gcuid ceoil thraidisiúnta le linn na Fleidhe. Bhí siad báite sa cheol ó bhí siad sa chliabhán agus anois tá siad ag tabhairt an cheoil sin ar fud an domhain. Bhí Séamus agus Caoimhe i gcuideachta Áine Ní Bhreisleáin. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tá Seachtain beo ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2026! Is é seo an chéad uair don Fleadh teacht go Béal Feirste, áit ina mbeidh breis agus 800,000 cuairteoir ag freastal ar an bhféile! Le linn na seachtaine seo, tiocfaidh anam isteach sa chathair le taibhithe sráide, seisiúin ceoil, seónna stáitse, céilithe, agus comórtais. Ach le 75 bliain á chéiliúradh ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann, amharcann muid siar ar an meath a bhí tagtha ar an gceol traidisiúnta sular bunaíodh an eagraíocht. Agus fiosraíonn muid cad chuige a bhfuil daoine ar fud fad na cruinne chomh tógtha le ceol traidisiúnta na hÉireann? Beirt cheoltóir atá fite fuaite go dlúth le ceiliúradh na seachtaine seo ná an fidléir iomráiteach Dónal O’Connor agus an t-amhránaí agus portaire béil cumasach Róise Ní Mhurchú. Bhí an beirt i gcomhluadar Áine Ní Bhreisleáin ag an bhFleadh.See omnystudio.com/listener for privacy information.

Ag an am seo bliana, téann na sluaite déagóirí ar a n-oilithreacht teanga bhliantúil chun na Gaeltachta. Ó Thír Chonaill go Gaillimh, ó Mhaigh Eo go Ciarraí, bíonn na coláistí samhraidh i gceantair Ghaeltachta éagsúla, ag mealladh daoine óga ó gach cearn d'Éirinn. Sa bhliain seo chuaigh thart, d'fhreastail beagnach 30 míle dálta ar na cúrsaí seo, ach níor éirigh leis na mílte áit a fháil faraor. Do chuid mhór déagóirí, is í seo an chéad uair dóibh tréimhse a chaitheamh as baile agus a bheith tumtha go hiomlán i saol agus i gcultúr na Gaeilge. Agus taobh thiar den éispéiris Ghaeltachta, tá an bhean tí, na mná atá ina gcroílár d'eispéireas na gcoláistí samhraidh. Ach an bhféadfá féin seisear scoláire déag a thabhairt isteach i do theach féin, faoi do chúram féin ar feadh coicíse nó níos mó? Ar Seachtain labhraíonn an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoi na coláistí samhraidh agus faoi na mná tí atá ina gcnámh droma acu. Maoinithe ag an Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil. Foclóir: Éispéireas: Experience Tóir: Demand Liostaí feithimh: Waiting lists Corruair: sometimes Clár siamsaíochta: Entertainment programme Ildánach: Versatile Cláraithe: Registered An t-uasmhéid: The maximum Bhí an t-eallach le blí agat: You had to milk the cattle Riachtanais bia: Dietary requirements Slabhra: Chain Nasc: Link Cuimhní: Memories Cloch mhíle: Milestone Ag freastal: Attending Srianta: Constrained Ó ghlúin go glúin: From generation to generation Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tá bean agus fear cúisithe as pléascáin a bheith ina seilbh acu go mídhleathach. An tseachtain seo caite, stop Gardaí carr ar an N2 i gContae Mhuineacháin agus iad ag fiosrú gníomhaíochtaí easaontóirí poblachtánacha. Fuarthas an buama, a bhí réidh le húsáid, agus a bhí á iompar trasna na teorann, ar shuíochán cúil an chairr. Dúnadh an bóthar ar feadh tamaill agus bhain foireann diúscartha buamaí an dochar as an ngléas. Cúisíodh bean sna fichidí as Cill Dara, a bhí ag tiomáint an chairr, agus cúisíodh fear eile sna daichidí i ndáil leis an eachtra. Ar Seachtain, insíonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar faoin méid atá ar eolas againn faoin scéal seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Níos luaithe i mbliana, bhí súile an domhain ar an Global Sumud Flotilla agus iad ag iarraidh an t-imshuí ar chósta Gaza a shárú. Ach níorbh é sin an t-aon iarracht a bhí déanta thar na blianta chun nascanna a chruthú agus le cúnamh a thabhairt isteach i gcríocha na Palaistíne. Tá Gaza agus an Bruach Thiar faoi smacht Iosrael le blianta fada anuas – agus is ábhar é a mhúsclaíonn mothúcháin láidre i measc go leor Éireannaigh. Breis is fiche bliain ó shin, thaistil an scríbhneoir Feirsteach Seán Ó Muireagáin go dtí an Phalaistín chun nascanna a fhorbairt idir páistí scoile sa Tuaisceart agus sa Bhruach Thiar. Ach, cosúil le muintir an Global Sumud, ghabh fórsaí Iosrael Seán agus coinníodh i gcillín é ar feadh cúig lá – cé nach raibh aon choir déanta aige. Líomhnaítear gur ghabhadh Seán mar gheall gur bhall den IRA é agus go raibh sé i mbun Palaistínigh a threanáil conas buamaí a dheanamh - rud nach raibh fíor in aon chor. Ar Seachtain labhair Seán Ó Muireagáin faoin eispéireas phearsanta a bhí aige féin. Foclóir: Imshuí: Blockade Críocha: Territories An Bhruach Thiar: The West Bank Coir: Crime Báúil: Sympathetic Aitheanta: Recognised Pobal sceimhlitheoireachta: Terrorist community Céasadh: Torment Cillín: Cell Dallóg: Blindfold Seafóid: Nonsense Cacamas: Bullshit Is cuma sa tsoic: Couldn’t care less Líomhaintí: Allegations Amhras: Doubt Cinedhíothú: Genocide Ag bárcadh allais: Sweating profusely Cairdeas domhain: Deep friendship Féidearthacht: Possibility Mhaoinigh: Funded Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalismSee omnystudio.com/listener for privacy information.

Tá a fhios ag madraí na sráide faoin bhfadhb atá sa tír seo maidir le heaspa tithíochta. Ó Ghaoth Dobhair, go Carna, go Corca Dhuibhne, tá dúshláin mhóra roimh theaghlaigh atá ag iarraidh teach a fháil i gceantair Ghaeltachta. Beagnach bliain ó shin, fostaíodh duine chun dul i ngleic leis an ghéarchéim tithíochta sna Gaeltachtaí: Comhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht. Agus an sprioc? Tithe folmha sna Gaeltachtaí a chur ar ais in úsáid. Ach an bhfuil an éirigh leis an iarracht? Agus cé chomh tábhacht is atá na deontais athchóirithe do na tithe fomha seo? Ar Seachtain thug Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht, uasdátú ar an dul chun cinn atá déanta ó thosaigh sé sa phost. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism Foclóir: Deontas: Grant Athchóiriú: Renovation Tithe folmha: Vacant houses Tréigthe: Abandoned Díon: Roof Bothán: An old rudimentary house A mheas: To assess Fostaíocht: Employment Na scéaltaí rathúla: Success stories Íochta amach: Paid out Ag baint leas as: Benefitting from Coinníoll: Condition Daoine aonair: Individuals Togra: Project Dírithe: Directed at Maoiniú: Funding Cíos: Rent Meascán: Mixture Chun tosaigh: Ahead Rannpháirtíocht: Participation Uacht: Will Cáin: TaxSee omnystudio.com/listener for privacy information.

Ba scéal mór é sa Bhreatain Bheag nuair a chuir Plaid Cymru deireadh le forlámhas Páirtí an Luchta Oibre i mí na Bealtaine - páirtí a bhí i gcumhacht sa tír le breis agus 100 bliain. Is páirtí polaitíochta é Plaid Cymru ina bhfuil dlúthcheangal aige le cur chun cinn na teanga Bhreatnaise agus tá an teanga ar a dtoil ag formhór na n-airí rialtais, ar a laghad. Is éacht suntasach é do thír inár tháinig meath dhamnaithe ar an teanga leis na cianta. Anois, áfach, amharctar ar an mBreatain Bheag mar eiseamláir - mar chinéal blueprint faoi conas teanga – a bhí i mbaol - a athbheochan arís. Ba é scéal athbheochan na Breatnaise, scéal faoi feachtasaíocht, faoi toil pholaitiúil, agus faoi dúthracht na ndaoine chun todhchaí an teanga a athrú. Ach cé chomh fíor is atá rath na hathbheochana sa Bhreatain Bheag? An glas iad na cnoic i bhfad uainn? Nó an bhfuil ceachtanna le foghlaim againne ón Bhreatain Bheag i leith cur chun cinn na Gaeilge? Ar Seachtain déanann an Dr Ben Ó Ceallaigh, leachtóir in ollscoil Aberystwyth, iniúchadh ar na ceachtanna atá le foghlaim ón Bhreatain Bheag. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism Foclóir: Eiseamláir: Role model Breatnais: Welsh Athbheochan: Revival Meath: Decline Forlámhas: Supremacy Rath: Success Cos ar bolg: Oppress Monarcháin: Factories Ní sin an chloch is mó ar a phaidrín: It's not his biggest concern Aire rialtais: Cabinet minister Ag mianadóireacht: Mining Nach maireann: The late or deceased Coilíniú: Colonisation Céatadán: Percentage Folláin: Healthy Ceacht: Lesson Cíos: Rent Bagairt: Threat Cáin: Tax Is fiúntaí: Most worthwhile Uaillmhianach: Ambitious Slat tomhais: Measuring stick Mian: Desire See omnystudio.com/listener for privacy information.

Breis is daichead bliain ó shín, d’imigh Barbara Bhreathnach, máthair óg de sheachtar, ar iarraidh gan tasc gan tuairisc i gCarna i gcroílár na Gaeltachta. Oíche amháin i mí an Mheitheamh 1985, bhí muintir Bhreathnach ag cóisireacht sa teach tábhairne áitiúil, agus gaolta ar cuairt acu ó thar lear. D’fhill siad go teach cónaithe muintir Bhreathnach agus lean an chóisir ar aghaidh go dtí na huaireanta beaga an mhaidin sin. Chonacthas Barbara don uair dheireanach agus í ina codladh ar an tolg ag 4am. Ní fhaca a teaghlach í ón lá sin ná ní raibh aon teagmháil léi ó shin. Cad é go díreach a tharla an oíche chinniúnach sin? Cén fáth nár tarraingíodh mórán airde ar an chás? Agus an bhfuil daoine ann go fóill ag coinneáil na fírinne faoi cheilt? Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin siar ar an chás a tharla 41 bliain ó shin agus atá go fóill gan fhreagraí. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism Foclóir: Ar iarraidh: Missing Sna deaga: In the teenage years Tábhairne: Pub Scaifte: Group Is cosúil: It seems Pas: Passport Módh taistil: Means of transport Tuairimíocht: Speculation In ísle brí: Depressed Fiosrúchán: Investigation Easpa: A lack of Tochaltóir: Digger Colscaradh: Divorce Ráflaí: Rumours Rún: Secret See omnystudio.com/listener for privacy information.

Níl aon taifead ann de Ghaeilge Loch Garman. Mar sin de, an bhfuil sí caillte ar fad nó an bhfuil fianaise ar bith ann faoin chineál Gaeilge a bhíodh ann? Agus cad iad na teangacha eile a bhí á labhairt sa chontae in éineacht leis an nGaeilge? Labhair Ciarán Dunbar leis an Dr Conchubhar Ó Crualaoich, Príomhoifigeach Logainmneacha leis an mBrainse Logainmneacha, comh-údar Gaelic Wexford: 1400 – 1660, agus thar rud ar bith eile, fear de bhunadh Bhaile Loch Garman. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

Is dúiche Éireannach a chaith beagnach trí chéad bliana faoi thionchar na Lochlannach é Loch Garman. Sa bhliain 1170 tháinig na hAngla-Normannaigh chuig an chontae agus d’fhág lorg ann a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann – an Béarla, cuir i gcás. Ní nach ionadh, glactar leis go minic, sa stairseanchas, agus sa stair scríofa ag an lucht léinn gur contae gallda amach is amach a bhí ann ó shin. Contae is ea é nach samhlaítear le Gaeltacht nó leis an nGaeilge. Léiríonn taighde gurbh ann do na Gaeil agus a dteanga sa chontae i gcónaí áfach. Labhair Ciarán Dunbar leis an Dr Conchubhar Ó Crualaoich, Príomhoifigeach Logainmneacha leis an mBrainse Logainmneach, comh-údar Gaelic Wexford: 1400 – 1660, agus thar rud ar bith eile, fear de bhunadh Bhaile Loch Garman. Sa chéad eagrán eile den phodchraoladh seo, gheobhaidh muid amach faoi cén chineál Gaeilge a bhíodh á labhairt, i nGaeltacht Loch Garman. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.