
Hosted by Irish Independent · GA
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.

I 1976, tharla robáil traenach a mhairfeas i gcuimhne na ndaoine go deo. I lár na hoíche, ar an 30ú Márta, thaistil seachtar déag ó Bhaile Átha Cliath go Contae Cill Dara, i gcarr a bhí fuadaithe, chuig trasnú traenach bheag fada amuigh faoin tuath. Ag a haon a chloig ar maidin, chuaigh ceathrar acu chuig teach feirme díreach i aice leis an líne iarnróid agus chnag siad ar an doras, ag ligin orthu gur Gardaí a ba iad. Is ansin a choinnigh siad bean, fear agus triúr páiste dá gcuid faoi bhéal gunna. Dhá uair a chloig níos déanaí, bhí traen poist ar an bhealach ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, nuair a phléasc an geaing an iarnród taobh thiar den teach feirme agus tháinig an traen chun stopadh. Choinnigh siad an tiománaí agus an criú traein faoi bhagairt. Chuaigh siad ar bord agus ghoid dhá chéad míle punt, tuairim ar milliún euro sa lá atá inniu ann. An rud a tharla ina dhiaidh sin áfach, ba chúis náire agus conspóide é don Stáit. Cúisíodh triúr fear as robáil nach raibh aon páirt acu ann agus maireann na hiarmhairtí go fóill d’Osgur Breathnach,do Nicky Kelly agus do Brian McNally. Ar Seachtain amharcann Íte Ní Chionnaith, iar-léachtóir iriseoireachta agus iar-bhall den IRSP, siar ar an chonspóid lena dearcadh féin a thabhairt ar an robáil agus ar an mhéid a thit amach ina dhiaidh. Foclóir: Faoi bhéal gunna: At gunpoint Ráiteas: Statement Pleascáin: Explosives Iomrall ceartais: Miscarriage of justice Gabh: Arrest Baill: Members Droch-íde: abuse or ill treatment Bagairt: Threat Seán: Deny Cuireadh iachall orthu: They were forced to Fianaise: Evidence An Chúirt Choiriúil Speisialta: The Special Criminal Court Éadóchasach: Hopeless In ainneoin: Despite Ciontach: Guilty D’éalaigh sé: He escaped Achomharc: Legal appeal Ciontú: Conviction Cuir ar neamhní: To quash Cúiseanna daonna: Humanitarian grounds See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tá go leor ceantar Gaeltachta ann atá ag streachailt go mór le bánú na tuaithe. Sin de réir gníomhaithe teanga atá sa tóir ar réiteach práinneach a rachaidh i ngleic leis an fhadhb. Dar leo, is é bánú na Gaeltachta mar gheall ar an easpa tithíochta, an ghéarchéim is mó a bhí ag an teanga riamh, ach ní ar thithíocht amháin atá an locht, dar leo, I measc na ndúshlán, tá cúrsaí imirce, infrastruchtúr, seirbhísí, fostaíocht agus áiseanna, agus tá siad ar fad nasctha ó thaobh thodhchaí na Gaeltachta de. Ach cad é an tionchar atá le feiceáil ar an talamh sna ceantair seo atá faoi bhrú maidir le saol an chultúir agus leis an spórt? Cad iad na baic is mó atá ag coinneáil cainteoirí Gaeilge atá ag lorg tí, lasmuigh den Ghaeltacht? Agus cén dóigh go bhfuil na pobail seo ag troid i gcoinne chreimeadh na tuaithe? Ar Seachtain, fiosraíonn Áine Ní Bhreisleáin an tionchar atá ag bánú na tuaithe ar an Ghaeltacht. Foclóir: Bánú: Depopulation Ceal: A lack of Gníomhaithe teanga: Language activists Tithíocht inacmhainne: Affordable housing Fostaíocht: Employment Níos fusa: Easier Faoin tuath: The country or rural area Éileamh: Demand Todhchaí: Future Luach: Value Forleathan: Widespread Go sonrach: Particularly Ar dualgas: On Duty Borradh: A boost or growth Creimeadh: Erosion I mbaol: In danger Scéim Scoláireachta: Scholarship Scheme An taoide a chasadh: To turn the tide Ag dul in éag: Becoming extinct Is annamh: Rarely Ionad Fiontraíochta: Enterprise centre Ar an imeall: On the egde Fite fuaite: Intertwined See omnystudio.com/listener for privacy information.

Is beag duine nár chuala trácht ar an sloinne Hitler, ná ar na himeachtaí uafásacha a tharla mar gheall ar Adolf Hitler. Seans nach bhfuil mórán fios ag an ghnáthdhuine ar na hÉireannaigh a bhí gaolta leis – na ‘Irish Hitlers’ mar a tugadh orthu. Mar sin de, cén ceangal a bhí ag Adolf Hitler leis an tír bheag seo ar imeall na hEorpa? Agus cad chuige a ndeachaigh Paddy Hitler chun cogaidh in aghaidh a uncail féin? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Ciarán Dunbar Foclóir: Seafóideach: Daft Is annamh: Rarely Leathdheartháir: Half-brother Mion sónraí: minute details Tiománta: Determined Fuadach: Kidnap Maígh: Allege Fianaise Evidence Scian: Knife Ní nach ionadh: It’s no surprise Teacht i dtír: Take advantage of Namhaid: Enemy Gadaíocht: Thieving Spiaireachta: Spying Dul chun searbhais: To turn sour Bolscaireacht: Propaganda Sloinne: SurnameSee omnystudio.com/listener for privacy information.

Tá Laura Pakenham ar dhuine de réaltaí móra na GaelTok-ta, an pobal úrnua sin de chainteoirí Gaeilge a bhíonn ag cruthú ábhar digiteach ar TikTok. Is as lár na tíre í Laura ó dhúchas, ceantar nach bhfuil cáil mhór air as an Ghaelscolaíocht, ach tá gairm cruthaithe aici anois as an teanga a chur chun cinn. Is múinteoir, craoltóir, cruthaitheoir ábhair ar na meáin sóisialta í agus anois, is údar í fosta. Tá leabhar úr scríofa aice, ‘Irish: History and Culture Through Language’. Is leabhar faoin Ghaeilge é, dírithe ar fhoghlaimeoirí, agus b’fhéidir a rá gur am tráthúil é dá leithéid, le borradh as cuimse tagtha ar an tsuim atá ann sa Ghaeilge le roinnt blianta anuas. Anuraidh, tháinig fás 600% ar úsáid na teanga ar TikTok agus tá an cuma air nach bhfuil sé sin ag laghdú i mbliana. Agus is léir nach in Éirinn amháin atá an suim sa teanga ag fás. Chuaigh leabhar Laura ar dhíol sna Stáit Aontaithe fiú sula raibh sé ar fáil anseo in Éirinn, agus tá sé anois ar fáil go domhanda. Ar Seachtain, labhraíonn Laura Pakenham faoina leabhar úr agus na míthuiscintí atá ann faoin Ghaeilge atá ina ‘pet peeve’s’ do Ghaelgeoirí. Foclóir: Borradh: Boom or explosion Teibí: Abstract Súigh isteach: Absorb Airím: I feel Achar ama: Time frame Fiúntach: Worthwhile Aistear: Journey Cinneadh: Decision Machnamh: Contemplation Ábhar: Content Éacht: Achievement Uathúil: Unique Easpa: A lack of Teangacha dúchasacha: Native languages Ábhar scoile: School subject Sáite: Immersed Leáigh: Melt Reoite: Frozen Diúltach: Negative Dearfach: Positive Is annamh: Seldom Dea-chleachtas: Good practice Bac: Block Cáin: Criticise Cothromaíocht: Balance Closleabhar: Audiobook See omnystudio.com/listener for privacy information.

Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn arís ar feadh coicíse agus i mbliana tá an ceol i gcroílár an chéiliúradh. Is é téama na bliana seo ná ‘A Ghaeilge, mo cheol thú’, agus s’iad Róisín Seoighe, ball den ghrúpa ceoil IMLÉ, agus Conor Curley ón bhanna ceoil Fontaines D.C., ambasadóirí na féile. Tá dhá thuras ar leith ag an bheirt ambasadóir leis an teanga. Tógadh Róisín le Gaeilge i gcroílár na Gaeltachta agus cumann sí ceol nua-aimseartha ins an teanga, agus tá Conor anois ag iarraidh ath-thosú lena chuid aistir foghlamtha. Léiríonn téama na bliana seo an gaol láidir atá idir an Ghaeilge agus an ceol agus tá an teanga á úsáid ag Conor agus Róisín ina gcuid liricí. Tá sé coitianta anois do cheoltóirí móra le rá an Ghaeilge a fhigh isteach ina gcuid ceoil ceoltóirí ar nós CMAT, Fontaines D.C., Denise Chalia agus Kneecap. Ach cad é atá mar spreagadh ar an treocht seo? Ar Seachtain labhair Tessa Fleming le Róisín Seoighe, Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge, agus bean Gaeltachta go smior í, faoin fís atá aici don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Foclóir: Ceol a chumadh: To compose music Faitíos: Apprehension Aistrigh: Translate Béim: Emphasis Eispéireas: Experience Céad cuimhní: First memories Nósanna: Traditions or customs Éalú uaigh: Escape from it Drogall: Hesitation Seanchas: Storytelling Ag casadh ceol: Playing music Camchuairt: A tour A scaradh: To seperate Dushlán: Challenge Iomráiteach: Prominent Slí bheatha: Career Figh: Weave See omnystudio.com/listener for privacy information.

Chruinnigh scaifte taobh amuigh de Theacht Laighean i mBAC Dé Máirt na seachtaine seo agus iad ag ágóidíocht de bharr fadhb thithíocht na Gaeltachta. Bhí an lucht agóide ag éileamh ar an Aire Tithíochta James Browne dul i mbun gnímh láithreach maidir leis an ghéarchéim thithíochta agus teanga sa Ghaeltacht. Tá sé acu go bhfuil an ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas agus tá muintir na Gaeltachta buailte go dona leis. Labhair Áine Ní Bhreisleáin le Seachtain faoin léirsiú. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Roimh deireadh na bliana beidh an tír ag caitheamh vóta leis an deichiú Uachtarán na hÉireann a thoghadh. Cé nach ról polaitiúil atá ann, tá tionchar láidir ag an Uachtarán agus iad ag úsáid an ardán, le bunluachanna a n-Uachtaránacht a chur chun cinn. I gcás Mícheál D. Ó hUiginn, thug sé tacaíocht leanúnach do chur chun cinn na Gaeilge le linn a théarma oifige — agus i rith a shaoil ghairmiúil ar fad. Ach cé hiad na hUachtaráin eile a bhí againn a d’imir ról nach beag ar ár dteanga dhúchais, agus, an bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Katie Whelan Foclóir: Dlúthnasc: Strong connection Dearbhú: Declaration Abhcóidí: Advocates Uachtaránacht: Presidency Fréamhacha: Roots Dílis: Faithful Achoimre: Summary Ionadaíocht: Representation Corrach: Fraught Teacht sna sála: To come on the heel of Ard-Rúnaí: General Secretary Tiomanta: Driven Cur chun cinn: Promote Activities: Gníomhaíochtaí Le linn: During In general: I gcoitinne An-cheanúil ar: Very fond of Feiceálacht: Visibility Figh: WeaveSee omnystudio.com/listener for privacy information.