
Hosted by RTÉ Raidió na Gaeltachta · EN

'Sí Sinéad Ferry a roghnaíonn giotaí as an tsraith don chlár. Tá ceol a taifeadadh i dteach Mhartin Hayes Co an Chláir sa bhliain 1962, dánta le Seán Ó Ríordáin, Séamus Ennis ag caint ar Chorca Dhuibhne agus ag caint ar Oileán Thoraí, "An Seabhac" ag caint ar an Bhlascaod agus Cearbhall Ó Dálaigh i nGaoth Dobhair.

Andrea Palandri, scoláire Gaeilge agus fidléir ón Iodáil, lena rogha féin as an tsraith. Ar na giotaí a roghnaíonn sé tá Séamus Ennis, Pádraig O Keeffe, Paddy Cronin, Kruger Kavanagh. Eibhlín Ní Mhurchú agus Pádraig Ua Maoileoin. Casann Andrea cúpla giota ceoil le Paddy McEvoy á thionlacan ar an phiano.

'Sí Áine Ní Bhreisleáin, ó Ghaoth Dobhair an aoi atá ar an chlár seo le hIan Lee. Roghnaíonn Áine na míreanna seo: leaganacha den amhrán Úir Chill a' Chreagáin; Inis Gé; Na Cruacha Gorma; Séamus Ennis le muintir Thoraí; déanamh curachaí i gceantracha éagsúla, Seosamh Ó hÉanaí/Séamus Ennis, Bernadette Devlin agus Mairéad Ní Dhomhnaill.

"Radio Éireann agus athbheochan na Gaeilge" clár a rinne Diarmuid Breathnach sa bhliain 1976. Páirteach ann tá: Mairéad Ní Ghráda, Aindrias Ó Muimhneacháin, Seán Mac Réamoinn, Leon Ó Broin, Diarmaid ó hAlmhain, Proinsias Mac an Bheatha, Roibeárd Ó Faracháin & Breandán Ó hEithir.

Breadndán Ó Madagáin, iar-Ollamh le Gaeilge, ag caint le Proinsias Mac Aonghusa fána shaol agus a shaothar.

Áine Mhic Ghrianna as Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall? i mbun scéil níl aon eolas eile leis an téip.

Pat Feeley i mbun comhrá le Cyril Ó Ceirín agus Pádraig Breathnach, a raibh baint acu le Cathair Luimní, ag caint fá na leabhair atá scríofa acu.

Máirtín Ó Cadhain ag caint fá Chonradh na Gaeilge agus an litríocht, léacht as an tsraith Thomas Davis Lectures a bhain le Conradh na Gaeilge.

Diarmuid Ó Muirithe le cuid d'imeachtaí 1970 le béim ar leith ar an Ghaeilge, cúrsaí polaitiúla ó dheas agus ó thuaidh. Jack Lynch páirteach sa chlár, Liam Mac Reachtainn, Risteard Mac Gabhann, An Col. Eoghan Ó Néill, Máirtín Ó Cadhain ar an chlár agus Risteard Ó Glaisne agus Séamus Ó Néill ag caint faoi chomhnascadh idir An Tríonóid agus UCD.

Muiris Mac Conghaíl, nach maireann, ag caint le Neasa Ní Chinnéide ar Theilís RTÉ sa bhliain 1988 fá chúrsaí na meán agus eile.