
Hosted by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie · IRISH

Eoin Mc Evoy Cad é 'treallús' agus an bhfuil sé ionat? An bhfuil an 'f déliopach' cloiste agat? 'Cuir' nó 'cur', is cén uair? Is file, drámadóir, aistritheoir agus gníomhaí pobail é Eoin Mc Evoy. Oibríonn sé le UCD agus is é stiúrthóir Aerach Aiteach Gaelach, grúpa LADTA ealaíon. Eoin a d'aistrigh Heartstopper 1 agus 2 go Gaeilge agus tá an tríú ceann idir lámha aige faoi láthair.

Séaghan Ó Súilleabháin Cad is brí le "an duine amach"? Cá bhfuil colbha an domhain? An duine 'scodalach' tú? Tháinig Séaghan Ó Súilleabháin, nó The Kerry Cowboy mar a bheadh aithne ag cuid againn air, ó fheirm i gcroílár na Ríochta. Ceapadh i 2020 é mar Oifigeach Pleanála Teanga do Chathair Saidhbhín, agus láithreoir teilifíse agus cruthaitheoir ábhair é freisin. Bhain sé amach céim sa Ghaelainn ó Choláiste Mhuire Gan Smál.

Dr. Alan Titley Cad is brí le "an duine amach"? Cá bhfuil colbha an domhain? An duine 'scodalach' tú? Corcaíoch fir gradamúil é Alan Titley mar aon le scoláire, colúnaí, úrscéalaí, gearrscéalaí, fabhalscéalaí, file, staraí liteartha, craoltóir, aistritheoir agus drámadóir.

Máirín Nic Con Iomaire Cad is brí le 'aiteall'? 'Chun an fhírinne a rá' nó 'chun na fírinne a rá'? Cad atá fireann faoi bhord!? Is aistritheoir, teagascóir, iriseoir, craoltóir agus aisteoir í Máirín. Tá sí ag obair mar Stiúrthóir na gClár Aistriúcháin le Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad agus bíonn sí ag teagasc ar an MA/Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht. Tá dhá úrscéal Fraincise aistrithe go Gaeilge aici i gcomhar le BARZAZ is leabhair do dhaoine óga aistrithe aici freisin.

Dr. Caitlín Nic Íomhair An bhfuil tusa siosmaideach? Conas is fearr 'approachable' a aistriú? Ar chóir duitse 'Lorg an Bhéarla' a léamh? Is Ceann Scoile & Ollamh Comhlach le Gaeilge í i bhFiontar agus Scoil na Gaeilge í Dr. Gearóidín Uí Laighléis. Bhain sí PhD amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus MA i Léann na Gaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Bronnadh uirthi Gradam an Uachtaráin um Fheabhas sa Mhúinteoireacht DCU.

Dr. Caitlín Nic Íomhair Cad é 'an t-alt' dúbailte agus conas is féidir linn é a sheachaint?! An bhféadfaí 'chac tú ar na huibheacha' a aistriú go lom? An bhfuil sé níos deacra a bheith greannmhar i nGaeilge? Is file agus léachtóir le nualitríocht na Gaeilge í Caitlín Nic Íomhair, ar as Co. an Dúin ó dhúchas di. Tá suim aici i gcothú na litearthachta ag an tríú leibhéal agus i gcur chun cinn iontaisí na litríochta Gaeilge. D'fhoghlaim sí an Ghaeilge mar dhuine fásta.

Dr. Fionntán de Brún Cad as a dtáinig 'giob geab'? Cén fáth a mbíonn muintir Bhéal Feirste ag béicíl ar a chéile? Cathain a labhraíodh Gaeilge ar eitleán den chéad uair? An tOllamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad is ea Fionntán de Brún - scoláire litríochta agus scríbhneoir cruthaitheach gradamúil, ar rugadh agus tógadh i mBéal Feirste é. Bhain sé céim amach sa Léann Ceilteach agus sa Fhraincis in Ollscoil na Banríona agus bhronn an ollscoil chéanna PhD air. Scrígh sé tráchtas dochtúireachta dár teideal Seosamh Mac Grianna - an Mhéin Rúin.

Tadhg Mac Dhonnagáin Cén gléas cistine a ainmníodh i ndiaidh ceo? An fearr 'randamach' nó 'fánach'? An cóir dúinn an ruaig a chur ar an bhfocal 'dia'? Is scríbhneoir do dhaoine óga, scríbhneoir scripte, cumadóir amhrán agus beathaisnéisí é Tadhg Mac Dhonnagáin a bhfuil go leor duaiseanna is gradam buaite aige. Is as Achadh Mór i gContae Mhaigh Eo é ó dhúchas is tá cónaí air i gConamara. Is é a bhí mar chomhchruthaitheoir agus príomhscríbhneoir ar an tsraith drámaíochta teilifíse don óige, Aifric.

Dr. Deirdre Nic Chárthaigh An bhfuil ár n-ainmneacha á rá i gceart againn? Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach botúin a dhéanamh? An bhfuil aon mhaitheas le córas na ndíochlaontaí? Ollamh cúnta i gColáiste na Tríonóide í Deirdre Nic Chártaigh. Tá BA sa Nua-Ghaeilge agus sa Stair agus PhD aici ón ollscoil chéanna. Ba thaighdeoir iar-dhochtúireachta í in Ollscoil Mhá Nuad. Tá spéis aici i bprós agus i bhfilíocht na Nua-Ghaeilge Moiche agus i dtraidisiún na lámhscríbhinní sa tréimhse iarchlasaiceach.

Dr. Eoin Mac Cárthaigh Cén gaol atá idir an Ghaeilge agus an Ghearmáinis? Cad atá i ndán dár gcanúintí? An féidir rud a thabhairt 'faoi dheara'? Léachtóir le Nua-Ghaeilge agus ceann na roinne is ea Eoin Mac Cárthaigh, Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide. Múineann sé cúrsaí éagsúla i dteanga agus i litríocht Ghaeilge na hÉireann is na hAlban. I gColáiste na Tríonóide a rinne sé féin a bhunchéim is a iarchéim. An dán díreach a phríomhghort taighde.