
Hosted by Newstalk · EN
Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show.
CONVERSATION THAT COUNTS | Ireland’s national independent talk station for news, sport, analysis and entertainment
Listen to Newstalk at http://newstalk.com/listenlive | Download the GoLoud app now, the new home for Newstalk

Labhraíonn Rónán Ó Muirthile le Cuán faoi scéalta móra na seachtaine.

Tá moltaí iontacha ag Cuán dúinn an tseachtain seo, idir scannáin, leabhair, ceol, ailt agus go leor eile.

Labhraíonn Ann Ní Chíobháin faoina leabhar nua 'Toasties' a scríobh sí le Sinéad Sheehy agus faighimid léargas ar conas an toastie is fearr a dhéanamh.

Labhraíonn Gary Brennan le Cuán faoi thionchar na rialacha nua ar threanáil foirne agus cur chuige foirne, agus féachann siad chun tosaigh ar an gCluiche Ceannais Caide.

Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoin gCluiche Ceannais sa chaid, an rugair agus an Corn Domhanda.

Labhraíonn Cárthach Bán Breathnach le Cuán faoi Chluiche Ceannais na hÉireann san iomáint, agus faoina thaithí ag tráchtaireacht ar an lá.

Labhraíonn Muiris Ó Cearbhaill le Cuán faoi scéalta móra na seachtaine - Ann Widdecombe; e-scooters; Count Binface; cosc ar phíopaí uisce agus go leor eile.

Tá Cuán ar ais le moltaí na seachtaine - Aipeanna, scannáin agus cláir, leabhair agus ailt, ceol agus go leor eile.

Labhraíonn Traolach Ó Buachalla le Cuán faoi Madonna, ag cur síos ar albam nua Madonna (Confessions II), chomh maith le himscrúdú a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le Madonna sa phopcheol agus sa phopcultúr i gcoitinne.

Labhraíonn Aoife Granville faoin gceirnín nua 'Ceo Draíochta' a thaifead sí lena deirfiúr Deirdre, agus faoi cheol sa Daingean.